Seachtain na Gaeilge


Go raibh míle maith agaibh a Chailíní!

Seo grianghraf dena baill go léir atá ar Choiste Gaelbhratach na scoile. Bhí an Coiste an-ghnóthach ag déanamh pleananna don tSeachtain na Gaeilge agus bhí an- sheachtain againn!

Tugadh seans do dhaltaí damhsaí gaelacha a fhoghlaim ar nós Ballaí Luimní agus Ionsaí na hInse. Le linn Seisiúin Ceoil am lóin I Halla Tinsley ar an Aoine, tugadh cuireadh do gach éinne damhsa. Bhí Grúpa Traidisiúnta na scoile ag seinnt dúinn ar an ócáid seo agus bhain gach éinne taitneamh as na buanna ceoil atá iontu. Míle buíochas lena múinteoirí ceoil as ucht a ndearna siad.

B’iomaí imeacht eile a bhí at siúl san scoil le linn Seachtain na Gaeilge freisin, Comhghairdeas le Tara, Naomh Treasa a bhuaigh Comórtas ‘Ceist an Lae’, comórtas a eagraíodh thar an idirchum. Bhain daltaí san dara bliain sult as Tráth na gCeist freisin agus buíochas le baill an Choiste a d’oibrigh an comórtas seo.

Cuimhnígí at seo: Labhair an Ghaeilge agus mairfidh sí.